As Gaeilge

Cad é SAORVIEW?

Is éard atá i SAORVIEW an chéad tseirbhís teilifíse digití in Éirinn. Faoin tseirbhís gheobhaidh tú na cainéil Éireannacha ar fad is fearr leat, pictiúir thar a bheith soiléir, fuaim ar chaighdeán níos airde, liosta clár ar an scáileán agus teilitéacs digiteach – saor in aisce.

Tiocfaidh SAORVIEW  in áit an chomhartha teilifíse analógaigh saor in aisce a fhaigheann tú ar d’aeróg faoi láthair. Casfar é sin de faoi dheireadh 2012.

Tá sé éasca athrú chuig SAORVIEW. Is seirbhís teilifíse digití trastíre (DTT) é SAORVIEW, rud a chiallaíonn go bhfaightear an comhartha teilifíse tríd an ngnáth-aeróg teilifíse ar do dhíon, ach bosca a bheith ar bharr na teilifíse nó le teilifíseán digiteach lánpháirtithe nua (iDTV).

Tá SAORVIEW faoi úinéireacht agus á bhainistiú ag RTÉ. Iompróidh sé cainéil agus seirbhísí  RTÉ chomh maith le cainéil agus seirbhísí nach le RTÉ iad. RTÉNL (fochuideachta faoi lánúinéireacht RTÉ) a thóg agus a oibríonn an t-infrastruchtúr atá riachtanach leis an tseirbhís SAORVIEW a tharchur.

Tá sé saor in aisce!

Is éard atá i SAORVIEW ná an chéad tseirbhís teilifíse digití in Éirinn. Ciallaíonn sin nach mbeidh costas leanúnach ag baint leis an tseirbhís SAORVIEW d’fhormhór na ndaoine a fhaigheann a seirbhís teilifíse le haeróg ar an díon faoi láthair. Níl le déanamh agat ach glacadóir i mbosca ar bharr na teilifíse nó teilifíseán digiteach lánpháirtithe nua (iDTV) a cheannach agus ansin beidh an tseirbhís saor in aisce go deo.

Na cainéil Éireannacha is fearr leat agus tuilleadh

Agus Raidió

RTÉ Radio 1,  RTÉ 2fm, RTÉ lyric fm, RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Choice, RTÉ Pulse, RTÉ 2XM, RTÉ Gold, RTÉ Chill / Junior, and Radio 1 Extra.

Pictiúir iontacha agus ardghléine

Tabharfaidh an lucht féachana a bhfuil cleachtadh acu ar theilifís analógach a fháil le haeróg faoi deara go mbeidh caighdeán pictiúir agus fuaime i bhfad níos airde acu le SAORVIEW.

Ina theannta sin, cuirfidh SAORVIEW pictiúir agus fuaim Ardghléine (HD) ar fáil do chách, saor in aisce. Rud ceannródaíoch é sin do lucht féachana na hÉireann. Tugann teilifís HD pictiúir thar a bheith soiléir agus grinn, le dathanna an-láidre, chomh maith le suas le cúig oiread na mionsonraí a thugann teilifís gnáth-ghléine. Tá tairbhe áirithe le baint as cineál áirithe clár teilifíse is iad i dteilifís HD, mar shampla spórt, fiadhúlra, drámaí agus scannáin.

Treoir clár atá éasca le húsáid

Beidh seirbhís liostaithe teilifíse idirghníomhach iomlán ar fáil don lucht féachana sa treoir clár ar an scáileán.

Faoi threoir clár SAORVIEW a bheidh ar an scáileán beidh eolas iomlán clár teilifíse 7 lá ar fáil maidir le gach cainéal ar an tseirbhís. Tugann sin deis don lucht féachana na cláir ar mian leo féachaint orthu a phleanáil gan ach cianrialtán ag teastáil. Maidir le daoine a bhfuil físthaifeadáin dhigiteacha (DVR) acu, beidh an deis acu cláir a thaifeadadh go héasca.