Saorview App


FAQs

  • Cad a theastaíonn uaim chun aip Saorview a úsáid?

    Chun aip Saorview a úsáid, ní theastaíonn uait ach iPhone, iPad nó iPod touch de chuid Apple a bhfuil iOS 9.0 air nó iOS níos déanaí nó gaireas Android a bhfuil Android 4.1 (Jelly Bean) nó OS níos déanaí air.

  • An bhfuil leagan Gaeilge den aip Saorview le fáil?

    Más Gaeilge an teanga atá roghnaithe ar do fón póca nó táibléid, beidh an aip Saorview le feiceáil i nGaeilge, nuair atá Gaeilge ar fáil.  Mura bhfuil Gaeilge ar fáil, beidh an leagan Béarla ar fáil.

  • Conas a úsáidim an Treoir?

    Tá cláir iontacha ar fáil in Clár Reatha & Ina Dhiaidh seo nó svaidhpeáil ar chlé chun féachaint ar cad a bheidh air níos déanaí inniu nó atá ag teacht go luath.   Buail íocón an fhéilire chun dul chuig lá eile.  Buail ar chlár chun tuilleadh eolais a fháil faoi. Féadfaidh tú meabhrúchán a shocrú ach an cnaipe ‘Socraigh Meabhrúchán’ a roghnú.  Gheobhaidh tú fógra 15 nóiméad sula dtosóidh an clár.

  • Conas mar a thagaim ar chláir atá le craoladh go luath?

    Tá an rogha is fearr de na cláir atá le craoladh sna laethanta amach romhainn curtha i dtoll a chéile i Spotsolas, na cláir is fearr ar an teilifís in aghaidh an lae dar linneTá treoir iomlán le fáil do gach cainéal ar leith ach bualadh ar íocón an fhéilire sa Treoir agus dáta ar leith a roghnú agus lógó an chainéil ina dhiaidh sin.

  • Cad é Spotsolas?

    Níl a fhios agat céard air a mbreathnóidh tú?  Spotsolas an áit is fearr chun teacht ar na cláir is fearr ar an teilifís.  Gach lá, molfaidh ár bhfoireann léirmheastóirí roinnt clár as na cláir atá le craoladh ar chainéil Saorview.  Féadfaidh tú iad a rangú ansin de réir na gcatagóirí seo a leanas - Faisnéis, Drámaíocht & Sobaldrámaí, Siamsaíocht & Scannáin.

  • Conas mar a théim ar ais go dtí an scáileán baile?

    Chun filleadh ar an scáileán baile, buail an saighead atá sa choirnéal i mbarr ar chlé.

  • An féidir liom féachaint ar chláir Ar Éileamh ar m’fhón nó táibléad?

    Féadfaidh tú ach ní mór duit aip an tseinnteora cuí a bheith suiteáilte ar do ghaireas.   Cliceáil ar an gceann a dteastaíonn uait féachaint air ón rannóg Ar Éileamh in aip Saorview.   Má tá aip an tseinnteora suiteáilte cheana féin agat, osclóidh sé go huathoibríoch, mura bhfuil fiafrófar díot an mian leat í a íoslódáil.

  • Ba mhaith liom tuilleadh a fháil amach faoin aip Saorview, cé leis a gcuirfidh mé tuairisc?

    Déan teagmháil linn le do thoil agus beimid sásta cúnamh a thabhairt duit.   Féadfaidh tú glaoch ar ár bhfoireann comhairleoirí, atá an-chairdiúil, ag an uimhir 1890 222 012 nó ríomhphost a sheoladh chugainn [email protected].


Sonraí teagmhála

  • Live Help

    Live Help

    Cuir tús le comhrá

    Úsáid an tseirbhís eolais beo chun labhairt le duine dár ngníomhaireí

     
  • Glao

    Glao

    1890 222 012

    I Luimneach atá an t-ionad glaonna againn.  Is féidir labhairt le duine a chuirfidh comhairle ort ar 1890 222 012 nó 01-2583540. Bíonn an t-ionad oscailte ón 10 r.n. go dtí an 9 i.n. ó Luan go hAoine agus ón 10 r.n. go dtí an 6 i.n. ar an deireadh seachtaine.

  • Ríomhphost

    Ríomhphost

    .(JavaScript must be enabled to view this email address)

    Is féidir scríobh chuig Saorview ar ríomhphost ag an seoladh [email protected] agus gheobhaidh tú freagra uainn chomh luath agus is féidir sin.

  • Facebook

    Facebook

    facebook.com/saorviewirl

    Coinnigh ar an eolas faoi na scéalta is deireanaí.

  • Twitter

    Twitter

    @saorview

    Tvuít – @saorview agus ná dearmad sinn a leanúint.

  • Fiosrúcháin ó na meáin

    Fiosrúcháin ó na meáin

    .(JavaScript must be enabled to view this email address)

    Má tá fiosrú á dhéanamh agat faoi Saorview mar dhuine a oibríonn do na meáin chumarsáide, scríobh chuig an seoladh thuas le do thoil.


An chéad rud eile?